Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 183
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí beirt fhear ann aon uair amháin ar b'ainm dóibh Murchadh Beag agus Murchadh Mór. Lá amháin chuir Murchadh Beag fearg ar Mhurchadh Mór...”
Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí beirt fhear ann aon uair amháin ar b’ainm dóibh Murchadh Beag agus Murchadh Mór. Lá amháin chuir Murchadh Beag fearg ar Mhurchadh Mhór agus caidé rinne Murchadh Mór ach dearg sé bior iarainn sa teinidh agus dhóigh sé an dá shúil amach as Murchadh Beag. Annsin chaith sé isteach i mála é agus d’iomchar sé leis é agus chaith sé isteach i gcill é.
An oidhche cheanann chéadna sin chruinnigh na cait Fiadhaine isteach agus thoisigh siad a d’innse sgéal. Bhí sean chat liath bán ann agus thoisigh sé d’innse sgéil. Nuair a bhí mise mo phisín bhí mé ‘mo chomhnuidhe i dteach an Riogh. Lá amháin nuair a thoisigh mé a dh’ól an bhainne tháinig fear isteach agus bhuail sé mé le fód mónadh. Leig mise trí ribe de mo chuid fionnaidh isteach sa bhainne, d’ól inghean an Riogh é agus tá sí tinn ó shoin. Níl rud(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall