Scoil: Mínbeannaid (uimhir rolla 16668)
- Suíomh:
- Mín Beannaid, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séumas Ó Dómhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mínbeannaid
- XML Leathanach 121
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Annsin b'eigin na "lines" no cead pósta a fagail o sagart na paroiste agus 5/. a díol ar a son.
La an phósta. Biodh an oiread ceud na lanamhan leis an buachaill og agus biodh leis an cailín: Muinntir na brídeoige a biodh síos le costas na bainse acht go gcaithfead an fear og an t-uisge beartha a solathar. I dtrathaibh an tri o chlog a phóstai iad agus d'fágadh an commoradh teach an chailin agus fidileóir rompa, le dul go teach an phobail.
Cuirtí cuing an phósta ar an bheirt gan moran duaidh, annsin teigeadh an commoradh uile go teach leanna go mbíodh an deic o' chlog ann.- Bailitheoir
- Seumas Ruadh Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)