Scoil: Oileán Toraighe (uimhir rolla 5164)
- Suíomh:
- Toraigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainmneacha Áiteann i dToraigheAn Dún
Bhí Balair na chomhnuidhe ar an Dún fad ó shoin. Bhí Dún aige ann, agus sin an fáth a dtugtar an Dún ar an áit sin. Tugadh Port an Dúin ar an phort cionnas go rabh sé comhgarach do'n Dún.Port Alla
Bhí fear ann fad ó shoin a rabh Giall Dubh mar ainm air. Thug sé iarraidh léim a thabhairt trasna Phortalla agus thuit sé agus baineadh macalla as thíos ar an chladaigh. Sin an fáth go dtugtar Portalla ar an phort sin. Port na Glaise
Bhí bó ag Balair ar b'ainm daoi an ghlas eibhlinne. Tugtar Port na Glaise ar an phort cionnus gur ann a thainic sí i dtír.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Chearbhaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Chearbhaill
- Inscne
- Fireann