Scoil: Oileán Toraighe (uimhir rolla 5164)
- Suíomh:
- Toraigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Oileán Toraighe
- XML Leathanach 356
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Thug mé rúide go mullach na cruaiche”
1.
Thug mé rúide go mullach na cruaiche
Agus an dara rúide na tsléibhe ruaidhe
Ag iarraidh tuairisc an cáilín a chráidh mé
Gur bí rinn gual dubh fríd lár mo chroidhe
Nach meall agus nach lubach chuir sí inúil damh nach bhfásann féar fríd thalamh iníor
Nach dtabhairfeadh gealach dheas solus d'Éirinn
'S nach soillseochadh realtóg le linn na hoidhche2.
Nach meall agus nach lúbach chuir sí i núil damh
Nach dtiocfadh an tiasc ar linn gan sruth
Go dtéid an fhairrghe i néadán na gleanntaí
Ní sgarfinn féin le mo mhíle grádh
Tá mé ar an bhaile seo le blian 's trí ráithche
Is níor bhaist mé an pháiste gan cead ó'n chléir(leanann ar an chéad leathanach eile)