Scoil: Oileán Toraighe (uimhir rolla 5164)

Suíomh:
Toraigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 343

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 343

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Oileán Toraighe
  2. XML Leathanach 343
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán

    Listeal mé le sáirgin mar bhí mé gan chéill

    Amhrán
    I
    Listeal mé le sáirgin mar bhí mé gan chéill
    Chuaidh mé leis thar sáile mar bhí mé beag óg
    Fuair mé gunna sáirgin agus claidheamh geal a raibh bárr uirthi
    Agus shaoil mé féin go mbféarr sin ná lán an luing d'ór
    II
    Go Connachta ma théid tú tabhair rúid 'un Fhail mhór
    'S innis do mo dhaoine go bhfuil mé faoi bhrón
    Go bhfuil mé tinn tréalaidhe 's gan duine ar bith le mo fhiafraigh
    'S go bhfuil mé ag smaoiteadh fríd na néaltaí ort a Chonndae Thír Eoghain
    III
    Go dtigidh Cnoc na Séad ar cuairt 'un Fhail mhór
    Agus go dtigidh Cnoc na Seasgan a bhuachailleacht na mbó
    Go dtigidh Cnoc na Ríogh ar bhád go Loch Éirne
    Chá sgarainn mo ghrádh go deo leat a Chonndae Thír Eoghain.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Ní Chearbhaill
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Chearbhaill
    Inscne
    Fireann