Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 068
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí girrseach bheag ann uair amháin darbh ainm Máire agus fuair a máthair bás nuair a bhí sí na leanbh agus phós a h-athair arais.”
Bhí girrseach bheag ann uair amháin darbh ainm Máire agus fuair a matháir bás nuair a bhí sí na leanbh agus phós a h-athair arais. Bhí beirt ingheanacha aici seo agus ní rabh meas ar bith aici ar Mháire. Ní thabharfaidh sí a dhath dó Máire le h-ithe acht cuid croicne na bpréataí agus chuireadh sí amach i bhuachailleacht caorach agus eallach gach lá ar Chnoc a bhí a's cionn an toighe. Gach lá thiocfadh caora dubh fhad léithi agus spréidheadh sí bráithlín gheal de achán seort bidhe faoi Mháire agus d'íosfadh sí a sáith agus nuair a racadh sí na baile bhéadh iongantas ar an leas-mhathair nuair nach mbéadh sí abálta a dhath a ithe. Lá amháin smaoitigh an leas-mhatháir go racadh sí amach go bhfeicfeadh(leanann ar an chéad leathanach eile)