Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 115
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí ceathrar fear agus a n-athair amuigh ar an fhairrge ag iasgaireacht lá amháin agus nuair a bhí siad ag pilleadh thainic tonn mór 'na ndiaidh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Agus d'iarr siad ar an fhear a rinne an scian a sháitheadh a theacht leo agus go bfágfhadh siad é san áit ceudna arís. Chuaidh seisean leo go sásta. Ar shiubhal gur shroich siad cloch i lár na fairrge. D'osgail doras san chloich agus chuaidh an triúr isteach
Bhí achan rud maith annsin. Fuair an fear gloine uisge beatha acht cha nglacfhadh sé é. D'iarr siad air a dhul siar 'an t- seomra Siar leis agus níor bhé lá go fóill é mur rabh a sháith iongantais air nuair a chonnaic sé seanbhean 'na luighe ar leabaidh agus scian saithte i gclár an éadain aicí. Thairring sé an scian agus nuair bhí sin déanta thug na fir leo é gur fág siad slán [?] i dtír é ag a mhuintear féin arís(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brian Ó Dubhchon
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Mín Charraige, Co. Dhún na nGall