Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- Suíomh:
- Maigh Rua, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. S. Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Comharthaí na h-Aimsire.Nuair a bhíos an spéar gorm sin comhartha go bhfuil aimsir mhaith ag teacht. Nuair a bhíos an fhairrge ag deánamh cuid mhór tormain sin comhartha fearthainne. Nuair a bhíonn bladhaire gorm le feiceail sa tineadh sin comhartha go bhfuil tóirneach agus soillseaghadh ag teacht. Nuair a bhíonn fáinne thart ar an gealach sin comhartha go bhfuil fearthainn ag teacht. Nuair a bhíos nealtaí dubha dorcha ag dul treasna an spéar sin comhartha go bhfuil stoirm ag teacht. Nuair a thigh tú an londubh faoi na crainn sin comhartha go bhfuil sneachta ag teacht. Nuair a bhíonn an ghrian ag soillsiughadh go mall sa tráthnóna sin comhartha go bhfuil sioc ag teacht. Nuair a bhíos na géacha agus na lachain ag eiteall go h-árd san aer sin comhartha go bhfuil ghaoth ag teacht.
- Bailitheoir
- Cáit Nic a Bhaird
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Fionnachaidh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Mac a Bháird
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Fionnachaidh, Co. Dhún na nGall