Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 025
- XML “Longbhriseadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)carraig na cloch gur ráith sí isteach sa ghainimh. Bhí fear de'n na fir na snáimhtheoir mhaith, shnámh sé isteach 'un an chladaigh agus thug sé rópa mór fáda leis. Cheanghail sé an ropa do charraig mhóir agus nuair a bhí sin déanta aige tháinig na fir eile isteach ar an rópa. Tharraing siad ar an chéad sholas a chonnaic siad. Caidé ach gur tharla isteach iad ag fear dar b'ainm Séamus Maol a bhí na chomhnaidhe i gCúl a' Doire. Bhí ribín ag Séamus. Bhí rópaí móra leobhtha dhíol na fir na ropaí le Séamus. Fuair siad a sáith le h-ithe agus le h-ól. D'fhan siad annsin go dtáinig an mhaidin. Ní rabh na gléastaí comh maith ins an am sin agus atá anois le sgéala a chur fá choinne cuididh. Ach cé bith mar chuaidh na sgéala tháinig bád i gcúrsa cúpla lá leis an bhád a dhéanamh eadtrom chaith siad amach cuid de na cathaoireacha. Go dtí an lá indiu tá cuid de na cathaoireacha na luinge thart go fóill. Chóirigheadh an poll agus tharraing a bád a tháinig amach 'un na fairrge í. Ní rabh páipéir nuaidheachta sa'n áit ins an am sin agus níor chuala muid dadaidh no níor mhothuigh dadaidh fá'n bhá∂ sin ó'n lá sin go dtí an lá indiu.
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Shiadhail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall