Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 098

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 098

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 098
  3. XML “Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    air.
    Bhí Seamus Mac Aodha in a Mhac do Mháire Ní Challáín. Bhí sé i bhfád níos mó na í. Bhí sé comh fallsa sin nach siubhladh sé ar chor ar bith. Bhéadh ag Máire le na iomchar i gcomhnaidhe agus nuair a bhéadh sé ar a druim béádh sé ag tarraingt a dha chois na dhiaidh ar an talamh. Nuair a rachadh siad isteach in achan teach thoiseochadh Séamus a chaoineadh. Déireadh Máire "Coinnigh do theaga. Gheobhaidh tú giota aráin."
    Nuair a bhí na daoine seo ag dul thart ba ghnáthach leis an chuid is mó aca fanacht i dtoigh Sheamuis Antaine.
    Ba é an déirce a gheobhadh siad ins an chuid is mó de na toighthe na preataí no uibheacha. Nuair a gheobhadh siad iad seo déireadh siad "Go gcuirfhidh Dia ádh ort."
    Shiubhladh an chuid is mo aca agus bhéádh asáil agus trucaill le cuid eile aca. Corr uair béadh sgaifte aca le chéile ach tan chuid is mo dé'n am ní bhéadh acht duine amháín ann.
    Nuair a d'fhanadh siad i dteach ar bith cruinneóchadh sgaifte daoine go dtí an teach sin le h-éisteacht leo ag innse sgéalta.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Cheallachain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Láir, Co. Dhún na nGall