Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 126
- XML “Luibheanna”
- XML “Na Préataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhuachallán Bhuidhe agus ins an Ghalar Duimhche.Níor chuala mé aon scéal fá luibheana d'usáid sa t-sean aimsir.
- Cuireann muid preataí gach bliadhain. Ullmhuigheann na fir an talamh i dtolamh. Cuirtear aoileach ar an chunglach sul a gcuirtear an pór. Cuirtear guano agus sulphate mar leas ar an talamh.Is beagán atá ag deanamh iomraí anois. Ghnidhtear iad a phreabadh leis an spáíd agus a chumadh leis an t-seisrigh. Ghnidhtear iad a trabhadh agus annsin forsuightear an talamh. Fosgailtear na driollanna agus cuirtear aoileach ins na clasanna agus druidtear iad annsin. Tá an talamh réidh i gcóir na bpreataí annsin. In amanna leagtar na preataí ar an aoileach agus annsin druidtear iad. Usáideadh seisreacha adhmaid fadó. Bhí siad deánta mar tá na seisreacha deánta anois. Bhí soc seisrighe aca a ndearnadh san cheardchain. Ceannuigheadh na spáideanna uilig. Is iad na leath-preataí na cinn is féarr le sgoilteáin a dheánamh. Is féidir beirt nó triúr sgoilteán a dheánamh asta. Bíonn cuid de na comharsanaigh a mbíonn an síol curtha go luath aca agus bheireann(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Bheaglaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Seanach, Co. Dhún na nGall