Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)
- Suíomh:
- An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Peadar Mac Gaoithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Trian Caol
- XML Leathanach 181
- XML “Scéal”
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal.
Bhí fear as Gleann Fhinne ag teacht as Leitirceanainn oidhche [a]mháin. Bhí sé an stoirmeamhail agus chuaidh sé suas 'toigh Phaidí Ua [D]ocartaigh ag iarraidh lóistín. Ní rabh áit ar bith ag Paidí fa na choinne [a]gus b'eigean do ghabhail na bhaile. Nuair a bhí sé ag imtheacht d'íarr sé [u]isge coisreactha. Níor amharc Paidí fa choinne an uisge coisreactha ach [ch]uaidh sé anonn chuig an tábla agus fuair sé scála uisge shalaigh. Bhain [a]n fear de a bhearad agus chaith Paidí cuid mhór uisge ar a cheann. "Stad, [st]ad," na bí da chur amugha," arsa an fear. Nuair a chuaidh sé amach ar [a]n doras chaith Paidí deireadh an uisge air. Chuaidh sé ar shiubhail sasta. - Tomhaiseanna.
Thuitse, thaitse taobh astoigh de'n chlaidhe, thuitse, thaitse taobh amuigh de'n chlaidhe. Ma bhaineann tú le thuitse, thaitse bainfidh thuitse, [th]aitse greim asat. _ Neantóg.
Tá sé thall, tá sé i bfhos, tá sé i gCoillte na gCros, tá sé ar [l?]eic Sliabh Tuaigh agus ag ríghte in a measg. _ Salann.
Chuartaigh mé é ach ní bhfuair mé é. Da bhfághainn é chaithfinn uaim é. Nuair nach bhfuair mé é thug mé liom é._ Dealg in mo chois.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Gaoithin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Gaoithin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Bruíonacha, Co. Dhún na nGall