Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)
- Suíomh:
- An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Peadar Mac Gaoithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Trian Caol
- XML Leathanach 201
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tamall beag na dhiaidh seo, d'éirigh fear éile agus bhí rud inteacht le deanamh aige shíos fa'n loch. Nuair a bhí sé shíos chonnaic sé loirgeacha Aoidh sa t-sneachta. Shíl sé gur péist mhór a bhí ann, agus thoisigh sé ag sgairtigh ar na chómharsanaibh. Tháinig siad uilig agus gunnai leo, agus d'imthigh siad inidhiaidh [!] na péiste. Ar an bealach chuaidh sgaifte mór i n-éinfeacht leobhtha, agus nuair a shraoich siad an bealach mór shíl na daoine gur torramh a bhí ann. Lean siad na loirigeacha go dtí go dtáinig siad go siopa Pheadar Ua Ghallchobhair agus fuair siad Aodh na sheasamh ag an chúntar.
- Sgeal.
Bhí fear ina chomhnuidhe shiar i bpobal Cionn Caislach dar bhainm Paidi Ac a Bhard. Duine greannmhair suailceach a bhí ann. Bhí sé mór i gceart le Sagairt na Paraiste agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag deanamh grinn air.
Tá gnáthas ag na sagairt ins an ait seo. Théigheadh siad o bhaile go baile dhá uair sá bhliadhain a d'eisteacht sean daoine fá Chaisg agus fá Shamhain. Cruinniugheann sé na séan daoine go dtí an teach amhain agus eisteann siad iad. Leigheann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Níc Phaidin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seamus Mac Phaidin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Bruíonacha, Co. Dhún na nGall