Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)
- Suíomh:
- An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Peadar Mac Gaoithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Trian Caol
- XML Leathanach 210
- XML “Scéal”
- XML “Tomhas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal.Bhí fear in a chómhnuidhé i nGleann t-Suilighe am amháin darbh ainm Micheal Ua Gallchobhair. Chuaidh sé ar fastódh síos ins an lagan. Lá amháin chuaidh sé fhéin agus a mhaighistear amach le cruach arbhair a thabhairt na mhuilinn. Bhí lár na cruaiche uilig itthe ag na luchogaí móra. Chuaigh an maighistear suas ar bhárr na cruaiche agus thuit sé anuas fríthe. Ríth Micheal fa dhéin cuididh ach nuair a fuair siad isteach go lár na cruaiche ní rabh a dáth annsin ach na crítheachs iarainn a bhí ar shálaibh a bhróga. Bhí sé uilig itthe ag na luchogaí móra.
- Bhí trí fíchead caislean ag Padraig O Broin,
Bhí trí fíchead bean in gach teach aca sin,
Bhí trí fíchead páistidhe ag gach bean aca sin,
Ca mhéad sin de theaghlach ag Padraig O Broin?Chuaidh scaifte isteach ag ól, buachaillidhe, cailiní agus cailleacha. Thóg siad raichlin. Fágadh tuistín ar bhuachaillidhe, trí leith-phignidhe ar chailiní agus feoirling ar chailleacha. Thóg siad scilling uilig. Ca mhéad duine a chuaidh isteach go toigh an óil.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Gaoithin
- Inscne
- Baineann