Scoil: Cúl Árann (Clochar)
- Suíomh:
- Cúl Árann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúl Árann (Clochar)
- XML Leathanach 0118
- XML “Pósaithe”
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus buaileann sí buile anuas ar a chloigeann agus briseann sí é agus chaitheann an bean óg agus a fear suidhe síos agus a leath de ithe. Bíonn an-sproidh aca an oidhche sin, bíonn ithe agus ól agus damhsa mór aca go dtí an maidin. Bíonn teine mór lasta annseo agus annsuid ar fud an bhóthair abhaile.
- I rith na h-inide is mó déantar na cleamhnais. I rith an aimsir sin téigeann an fear a bhfuil ion-phosta go dti teach na mná a bfearr leis pósadh agus iarraigheann sé an inghean ó'n athair agus slam airgead léithi. Má a bhfuil an inghean sásta an fear airithe pósadh ní bhíonn le socradh acht an spre, acht is iomdha uair a bhíonn aimhréidh ortha i dtaoibh an spré. I ndéire thiar thall déanann siad an margadh agus socruigheann siad an lá 'na mbeadh an pósadh.
Maidin lae an phósaigh téigheann an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Mhuirghís
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhóin Ard, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Muirghís
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Mhóin Ard, Co. na Gaillimhe