Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Cor an Droma, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhéile leis an t-sean-bhean bocht agus dubhairt sise go mbeadh a shliocht uirthi. Casadh sa teach ceadhna lé na beirt deirbhsiúr í agus rinne sí an margadh leis an
t-sean-bhean. Go moc ar maidin la'r na maireach thug an tsean-bhean séalán dhí, agus dubhairt léithe a lán uisge a thabhairt chuici ón tobar. Rinne sí mar h-aithnigheadh sí, acht ní túisge a bhí an séalán lán ná bhí sé follamh arís. Ní choinneochadh sí deoir. D'fheach sí leis arís acht thárla an cleas ceadhna. Annsin chuala sí glór íseal a rádh, "Cuir mam d'en ruide bhuidhe ann agus beith leat." Níor léithe a b'fhaillighe agus ní bfuightheá bean ba mhó iongantais ná an tsean-bhean núair a shiubhal mo chailín isteach agus lán a tséalán d'uisge aici. Bhí go maith is ní raibh go h-olc. Tar eis tamaill ní raibh beirt ar bith ba mhó lé chéile na í féin agus an tsean-bhean. Bhí cead a láimhe sa teach aici, acht chuir an tsean-bhean fainic uirthi ar a bhfacha sí aríamh gan breathnúghadh suas sa simléir. Gheall mo chailín nach mbreathnóchadh, acht thairis sin bhí aireachas maith dhá choinnéal ag an tsean-bhean uirthi. Amach sa samhradh a bhí ann agus tháinig la an brothallach. Bhí an tsean-bhean sathach tugtha a'tigheacht d'on trathnóna, agus d'iarr sí ar an gcailín a ceann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Oisín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Anbhaile, Co. na Gaillimhe