Scoil: Corr an Droma

Suíomh:
Cor an Droma, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Breandán Ó Míodhcháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0239

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0239

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corr an Droma
  2. XML Leathanach 0239
  3. XML “Scéal - Leigheas na Caillí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    San am fadó bhí sean-bhean nach raibh in ann siubhal ar bith a dhéanamh. Níor fhead sí aon leigheas a fhághail. Chuala sí go léigheasóchaí í dá rachadh sí go teampall airithe in am marbh an oidhche. Mar nach raibh sí in ann siubhal go dtí an áit ní raibh fhios aici cé'n chaoi a rachadh sí ann. Dubhairt fear as an mbhaile go dtiubhraidh sé féin ann í. Chuir sé síos í mála í agus d'iompar sé ar a dhruim í. San am céadhna bhí fir ar a dtugtar
    " gadaidhthe caorach" ag dul thart ag goid caorach agus an oidhche seo bhí sé ceapadh ag beirt aca casadh lé chéile san teampall seo lé caoirigh a ghoid. Tháinig siad ann agus an uair céadhna a bhí an fear ag teacht leis an gcailleach bhí ceann aca imthigh amach ag goid caorach agus bhí an fear eile ag cur faobhar ar sgian leis an gcaora do mharbhadh. Nuair a chonnaic an fear a bhí ag cur faobhar ar an sgian an fear ag teacht leis an sean-bhean shíl sé gurbh' é a chomráda a bhí ag teacht leis an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1791: The Sexton Carries the Parson
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Sgiréud
    Ainmneacha eile
    Bean Uí Sgiréud
    Mrs Skerritt
    Inscne
    Baineann
    Aois
    73
    Gairm bheatha
    Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cill Ghill, Co. na Gaillimhe