Scoil: Órán Mór (B) (uimhir rolla 4506)
- Suíomh:
- Órán Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ó agus Máire Bean Uí Shuilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Órán Mór (B)
- XML Leathanach 0343
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Nuair a bhí cogadh Cromail ann, bhí arm mór saighdiúira aige agus théigheadh an arm sin amach gach lá o theach go teach...”
(ar lean ón leathanach roimhe)nuair a bhfeicfeadh sí an dream eile ag teacht lá ar bith, a dul i bhfolach sa seomra agus nuair a bhfeicfeadh an dream seo an fear marbh ar an urlár go gceapfadh siad nach raibh aoinne sa teach acht gur mharbhuigh an cead dream iad agus nach bhfuighfeadh siad rud ar bith le n-ithe ann. Rinne an bhean mar adubairt siad leí an céad lá eile. D'fág sí an dhá dhoras ar osgailt agus an fear marbh ar an urlár agus chuaidh sí féin agus a mac sa seomra fén leabaidh. Nuair a tháinic na saighdiúirí an bealach sin rith siad isteach sa teach agus nuair a chonnaic siad an fear marbh ar an urlár, dubhairt siad leo féin nach raibh aon mhaith san teach sin, gur marbhuigh an chéad dream iad. Annsin, chuaidh siad amach as an teach mar ceap siad nach raibh aoinne ann. Rinne an bhean an rud céadna gach uair eile 'na dhiaidh sin. Lá ar bith eile dar chuaidh na saighdiúirí tar an teach ní dhéanfadh siad acht súil a tabhairt isteach ag an doras agus nuair a d'feicfeadh siad an fear marbh ar an urlár, cheapfadh siad go raibh na daoine go léir marbh agus nach raibh aon bíadh acu ann. Níor chuaidh aon saigdiúir as sin amach isteach san teach sin agus bhí saoghal maith ag an mnaoi seo agus a mach fad a mhair siad.- Faisnéiseoir
- Maighread Bean Ní Sheacnasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann an Scáil, Co. na Gaillimhe