Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bliadhanta ó shoin bhí saghas daoine í n-Éirinn a dtugtaoi tighearnaí talmhan ortha. Bhí an dream seo ag cabhrú lé Shasana agus thug siad an-chéasadh do na daoinibh bochta. Bhí tighearna ins an mbaile seo a gu bhí teach comhnuidthe aige í gCill Chlúnaidh agus tá an "teach mór" ann go dtí an lá seo ach geallaim-se dhuit nach bhfuil tuairisg ar chlann an tighearna ann anois.Bóidicín a b'ainm dó agus is fear gan truagh gan taise a bhí ann. Bhí ceathrar mac agus triúr inghean aige. Bhí na mic chomh dona leis fhéin ach sílim go ndeachaidh beirt de na cailíní ins an gclochar. Tá sgéaltaí lé n-innseacht faoi imtheachtaí dona an Bhóidcíneach. Seo ceann aca.
Aon lá amháin thárla do'n Bhóidcíneach a bheith ag dul amach ins an gcóiste i n-éinfheacht lé n-a bhean agus daoine móra eile. Bhí sé ag dul thar an áit a raibh sean-bhaile na Ceathramhan ann an uair sin. Nuair a bhí sé ag dul thart séideadh chuid de lóchan treasna an bhóthair agus sgannruigh sé na caiple a bhí faoi'n gcóiste.Fear a bhí ag cáthaimh coirce 'san mbaile agus séid an ghaoth an lóchán ós comhair an chóiste agus gheith na caiple agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Clais an Ghainimh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Coisdealbha
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann