Scoil: Baile an Mhuillinn (B)

Suíomh:
Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Discín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0205

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0205

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Leathanach 0205
  3. XML “An Rath agus an Drochrath”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An rath agus an droc-rath.
    Bhí fear ann úair amháin a raibh cómhnuidhe air í dteachín beag amuigh faoi'n túaith. Ní raibh aoinne sa teach acht é fhéin. Bhí go leór cearcaí aige mar bhí dúil mór í n-uibheacha aige.
    Thosúigheadh an choileach ag ghlaodhach ar a hocht a chlog sa trathnóna agus arís ag a leath-úair thar-éis a deich núair bhíodh an fear ag dul a chodhladh. Gach úair a chloiseadh an fear é thagadh fearg mhór air agus thosúigheadh sé air ag damnúghadh an choiligh agus ag rádh "go dtachtaidh an diabhail thú" mar bhí pisreóga móra aige faoí thráth ghlaodhach an choiligh.
    Ag dul a chodhladh an oidhche seo do'n fhear thosuigh an choileach ag ghlaodhach mar ba ghnáthach leis. Tháinig cuthach feirge ar an bhfear agus amach leis ag damnúghadh agus ag mionnúghadh go dtí teach na gcearc gur sgiob sé an ceann de'n choileach agus gur
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Grádaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann