Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iomda áit sa gceanntar seo againne a bhfuil ainm a chuireas in-iúl dúinn go raibh na crainnte go fairsing ann san am fadó - cuirim i gcás Doire Gualann, Doire Iubhair, Doire Uí Bhriain, Doire Bhunloim. Is ionann "Doire" agus Coill Crann Darach(?) agus is mó a bhaineas an doire leis an sliabh ná leis an talamh réidh.In a theannta sin tá an choill ann - Coill Mhór, Coill Bheag, Coill Bhreac, Coill Aodhagáin, Coill a' Gleanna.Tá sé ráidthe gurab í an crann darach (= omna) an crann is fairsinge a bhí ar fud na dúithche ar fad idir sliabh is machaire.
Ionad adhlactha na marbhBhí dhá nós adhlactha aca. An nós is fuide siar a bhí ann seo é é: an corpán(?) a chur in a luighe san uaigh mar a déantar fá láthair galláin cloiche a thógáil thart(leanann ar an chéad leathanach eile)