Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)
- Suíomh:
- Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Hannraoi Ó Coinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Mór Iata
- XML Leathanach 188
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'athruigh sí in a fhuil é. Dubhairt an t-easóg leis go ngabhfadh sé go dtí teach agus nach mbead aonne istigh sa teach acht go mbead pota feola chrochta os cionn na teineadh. Dubhairt sí leis go dtiochfadh bean isteach nuair bhéad sé tamall istigh agus dearfhad sí leis cú a ceangal abair leí nach bhfuil aon rópa a'd agus tiubhraidh sí ribe as a cuid gruaighe duit. Deirfhid sí leat sul a gceanngclóchaidh tú an cú píosa feola a thabhairt as an bpota dí. Nuair a bhéas tú ag togáíl an feoil chaith an ribe sa teine. D'imtigh an buachall agus tháinig sé go dtí an teach agus rinne sé an rud a dubhairt an t-easóg leis agus do marbuigh sé an bhean. Bhí go leór airgead ag an mbean agus fuair sé é cuaid sé abhaile cuig a mháthair agus bhíodar an -saidbhear as sin amach.
- Faisnéiseoir
- Seán Seoige Padraich
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Bhéal an Mháma, Co. na Gaillimhe