Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Peadar P. Mac Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua (B)
- XML Leathanach 044
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear as sean bhóthar ag teacht abhaile ó Baile Mainistreach go mall san oidhche. Líam mac Flannacha a bhí mar ainm air. Ar a bhealach abhaile do sheas sé ar an bfóidín mearbhaill. Chonnaic sé teach beag ar thaobh an bhóthair agus é lán le solus.
Isteach leis agus bhúail sé ar an doras. Táin[ig] bailín aluinn suas agus dfoscail sí é. "Tar isteach a fhir bhoicht agus suidhe síos" adeir sí leis. Do suidhe sé síos cois na teine. Bhí slúagh mór daoine san dteach agus ag damhsadh agus ag amhránuigheacht. Bhí sean fhear i gcoirnéal in aice na teine ag caitheadh tobac. "An tusa Líam mac Flannacha adeir sé leis an bhfear". "Cé'n caoí a bhfuil d'athair agus do mháthair". "Go maith" arsa Líam, "an bhfuil aithne agat orm". Níl ars Líam. Is mise sean Pait o Concubhair. Cailleadh mé fiche blíadhain o shoin, núair a ghoid na sídheoga mise leó agus táim i ngreim acu o shoin.
Thug an cailín ar osgail an doras deoch dó ag[us] núair a bhí sé ólta aige thug sean Phait o Concubhair deoch eile dó. Seo dhuit agus ól súas é arsa sé. Sláinte agus saoghal agat bean i do toil agat airgead síos agat agus talamh gan cíos agat. Taréis tamaill thuit a chodhladh ar Líam. Núair a dhúisigh sé ní san teacín beag a raibh sé act sínte ar cnoicí[n] ghlas féarach lámh leis an roilig atá in aice fothrach an Sean Mainistreach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Padraic Ó Freidhile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Mhainistir, Co. na Gaillimhe