Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag bailiú suas na bpiosaí oir na gcarnán. Bhí go leór neadracha ag na h-éanacha móra san áit céadhna.
Sa deire líon sé a phócaí go léar leis an ór. Is geárr gur thárla rud aisteach amach. Thuit píosa mór feóla anuas ó bhárr an chnuic agus thosuigh sé ag iompuigh thart thios ins an ngleann agus de réir mar a bhí sé ag iompú bhí na píosaí óir ag greamúghadh dhó. Is gearr gur tháinic éan an mhór agus sciob sé leis an píosa feóla agus an t-ór freisin. Tar éis tamall thuit píosa eile anuas agus tharla an rud céadhna dhó, agus tháinic éan eile agus sciob sí fhéin leis suas ar bhárr an chnuic é. Ní raibh a fhios ag an mbuachaill céard a déanfadh sé acht sa deirechuimnigh sé ar chleas, agus an chéad phíosa eile feóla a thuitfadh anuas bhuailfadh sé sé ar marcaidheacht air, agus cheangaill sé é féin don phíosa feóla. Is gearr gur tháinic éan an mhór ar fad, agus shíl an buachaill go raibh sé in-a oidhche mar tháinic dath dubh ar an áit thar timceall air. Acht céard a bheadh ann, acht an t-iolar mór agus sgiobann sé an buachaill agus an píosa feóla leis suas go dtí bárr an chnuic annsin. Bhí dream daoine ar bárr an chnuic leis an píosa feóla a bhaint do'n éan nuair a rachac sé suas. B'éiginn do'n éan stopadh nuair a chuaidh sé go dtí bárr an chnuic. Leag sé an píosa feóla uaidh. Nuair a chonaic na daoine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Siubhan Bn Uí Conchubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Both Loiscthe Íochtair, Co. na Gaillimhe