Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)brionglóidí go raibh pota óir faoí talamh sa Saorsinn na bhForbacha. Bhí sé ag brionglóidí ar trí oidhche, an tríomhadh oidhche, dúbhradh leis dá dtéigheadh duine áithrigh eicínt in-aonfheacht leis go mbéadh sé lé fághail aige.
D'imthigh leis de shiubhal oidhche, é fhéin, agus fear eile agus níor stop siad gur shroich siad Saorsinn. Thosuigh siad ag cartadh, agus nuair a bhí siad síos d'éirigh cat aníos as agus d'imthigh leis, ar an noiméad bhí an poll lán lé uisge. Bhuail siad abhaile, agus nuair a bhí in-a leabaidh, thosuigh sé ag brionglóidí nach raibh an fear ceart in-aonfheacht leis. Fágadh an sgéal mar sin. Bhí fear as Dúthigh Sheóige, agus ba é an t-ainm a bí ar, Tomás Buidhe an Mhuirisg. Bhí sé fhéin buidhe, agus ba as an Mhuirisg é, agus ba shin é an fáth gur tugadh Tomás Buidhe an Mhuirisg air. Bhíodh neac ag teacht ag Tomás go minic ach ní raibh aon áird aige ortha. Aon oidhche amháin tháinig sí agus dubhairt sí leis dá dteigheadh sé go droicead Luimnigh go raibh pota óir faoí shúil an droiceid. D'imthigh leis agus má's fada nó geárr a thóig sé ag dul ann, bhí sé i Luimneac le moc maidne. Isteach leis faoí shúil an droicid, agus bhí gréasuidhe istigh ann ag obair ar a dhicheall. Bheannuigheadar ghá chéile chéile, [!] agus d'fiafruigh an gréasuidhe de Tomás céard a thug an bealach cho moch sin é, muise arsa Tomás ó d'fiafruigh tú dhom é innseóchaidh mé dhuit é, agus d'innis sé an sgéal ar fad do'n ghréasuidhe. Muise a amadáin arsa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Fátharta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Doire Locháin Thiar, Co. na Gaillimhe