Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)beireann sé an fuacht leithi agus go minic bíonn sioc againn.Nuair a bhíos sioc ann bíonn aimsear breagh tirim. Bíonn na réaltóga ag spréacarnaighil ins an spéir nuair a bhíos sé ag cur seaca. Dá mbeadh duine in-a shuidhe ag an teine agus é a bheith ag déanamh sioc bheadh méaracha a chosa te agus sála a chosa fuar. Deírfeadh na sean-daoine bárr a chosa dóighte agus cúl a chosa reoidhte.Bheadh na géabha fiadhaine ag dul thart dá mbeadh aimsear seaca air.Le sioc bán tagann báisteach in-a dhiaidh agus ní seasfha sé i bhfad acht ma dheanann sé sioc dubh seasfha sé an fhada.
"Lé sioc tús oidhche diol Fionn na broga agus lé sioc deire oidhche cheannuigh sé arist iad." Bhí fhios ag Fionn nach seasfhadh an sioc a rinne sé i dtús na h-oidhche acht go seasfhadh an sioc a rinne sé in ndeire h-oidhche.Taréis na Nodhlag bíonn an aimsir fuar garbh.Comh-throm sine na h-aimsire(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe