School: Ros Cathail (Buachaillí)
- Location:
- Rosscahill, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Donnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhíodh obair chruaidh ar na sean-mhná fadó ag sníomh agus ag cárdál. Spianadh síad an olann agus dhóirteadh siad olabhiadh air lé n-é a réidhteach agus é a roighniú. Cárdálaidís annsin é lé péire cárlaí lé rolléorí a a dhéanamh dhé. Chuiridís tuairne ina seasamh lé n-e a sníomh. Chuiridís an roithe ar an tuairne agus dhéanaidís da cluais de shúgán tuighe agus chuiridí ins an slionán iad.
Chuiridís an fearsad amach thríotab. Cuiridí srang ar an roithe agus timcheall ar tomán an fearsad le n-e a chasadh. Chuiridí cor ins an srang ag sníomh an inneach acht ní bhíodh cor ar bith ann lé h-aghaidh an dluath. Sníomhaidí na roiléirí ó cheann go ceann suas ar an bhfearsad lé próistí a dhéanamh de. Dhéanaidís ceirtlíní ar ais arí de'n próisde geobhnidis crann-deilbh annsin leis an dluath a dheilbh air agus chuiridis(continues on next page)- Collector
- Éamonn Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- Doon, Co. Galway
- Informant
- Bean Pheadair Breathnach
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 42
- Address
- Doon, Co. Galway