Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Níl acht aon taillúir amháin sa bparáisde.”
(ar lean ón leathanach roimhe)an Flainnín Ban uilig. Déanann an tailliúr dráracha agus bainini as an Bhflainnín Bán. Is cosamhail lé bríste é an drár acht go bhfuil sé bán uilig agus ní bhíonn aan oiread cnapaí ann. Crios a bhíos ar fear timcheall an drár. Is cosamhaíl timcheall an drár. Is cosamhaíl lé seacáid é an bainín acht nach mbíonn an oiread crataí ann. Seo iad na h-uirlisí a bhíos ag an tailliúr siosúr leis an éadach a ghearradh, méaracán agus miosúr. Bíonn iarrainn aige freisin lé h-aghaidh na h-éadaigh a smúdáil. Tamall bliadhanta a shoin bhíodh leinteacha dhá dhéanamh sa teach ag bean a tighe agus na cailíní. Déanfaid leintacha do gach duine sa teach. As cadás a dhéanfaidís iad. Ní dheanann siad mórán léinteacha anois. Déantar stocaí sa gceanntar so fós. Na mná a ghnios na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe