Scoil: Cluain Meacan (uimhir rolla 11451)
- Suíomh:
- Cluain Mhic Cuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Liam Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Meacan
- XML Leathanach 003
- XML “Currach na Teine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá baile dhá mhíle ar an dtaobh thuaidh de Liostuathail ar a dtugtar Ath an Turais - Bedford as Béarla. Tá tobar beannuighthe ann agus tugtaoi turas ann fadó ach ní deintear anois acht go h-annamh.
[Many people have gone to pay rounds there this year and a statue of the Little Hower was erected near the well in Aug 1934]
Bhí an tobar ar an dteorainn idir Ath an Turais agus Cnocán. Daoine go mbíodh dalar nú teinneas éigin ortha a tugadh ann turas. Bhíodh an turas ann lá airithe gach bliadhan.
Uair amháin nigh bean eadaighe sa tobar seo. Nuair a tháinig na daoine chun an turais do thabhairt lá ar na bháireach ní raibh aon tuairisc ar an dtobar. D'aistrigh an tobar do dtí áit éigin eile. Trí lá na dhiaidh sin chaill an bhean radharc a leath-shúl. Tá sé anois i gCulárd - i bpáirc nó saghas coille ar thaobh an bhóthair.
Tugtar tobar Naoimh Partholaín air - "Saint Batt's well". An Satharn deireannach d'Abrán lá an turais.