Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 168

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 168

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 168
  3. XML “Scéal faoi Thaibhsí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    annsin gur b’iad na sídheóga a bhí ann agus go dtug siad an cailín óg seo ó na h-athair agus ó na máthair. Thug sé abhaile chuig a mháthair í agus ní raibh cainnt ar bidh aice ar feadh bliadhna. Thug sé an-aire dhi go dtí an oidhche Shamhna eile in a dhiaidh sin. Thánig an fear seo isteach arís agus dubhairt sé, “Bliadhain is an oidhche anochd a thug mé an cailín seo abhaile ó na sídheóga”. Anois rachaidh mé chuig an áit a gcómhnuigheann siad agus b’fhéidir go gcloisfinn iad a rádh cé’n fáth go bhfuil sí in a codhladh fós. Chuaidh sé chómh fada leó agus ní raibh sé i bhfad ann nuair a chuala sé iad ag rádh, “Bliadhain is an oidhche anochd a tógadh Inghín Ríogh Uladh uainn agus tá sí in a codhladh ó shoin i leith.” “Ní bhéadh sí mar sin” arsa duine eile, “Dhá dtógfaidís an biorán suain atá in a ceann as.” Chómh luath agus a chuala sé an méid seo chuaidh sé abhaile chuig a mháthair agus thóg sí amach an biorán suain, agus d’eirigh sí suas agus bhí sin inann labhairt uaidh sin amach. Phós sí fhéin agus an fear seo agus mhaireadar go sona séanmhar in a dhiaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Nic Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Brighid Bean Mhic Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    55
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe