Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 287

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 287

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 287
  3. XML “Tráchtas ar an Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tráchtus ar an droch-shaoghal.
    Bhí an droch-shaoghal againn tuairm is céad agus deich bliadhain ó shoin. Bhí cuid mhaith fataí ar an saoghal agus tháinig lá báistíghe agus oidhche agus lobh na fataí uilig nuair a bhí siad le baint. Tá na daoine curtha ins na garranntaí agus ins na bóithríní mar ní tugtaoí chuig roilig ar bith iad acht iad a chaitheadh síos san talamh gan bráithlín gan conra orra nuair a cáillfídhe iad ar thaobh an bhóthair. Ní bhíodh an Riaghaltas ag tabhairt conganta ar bith do na daoine ar dtús nuair a lobh na fataí orra acht ar deireadh bhíodh sé ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Nic Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádhraig Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe