Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bíonn a nead aice sin san loch nó amuigh ar na sléibhte agus bíonn uibheacha aca freisin agus ní féidir breith chor ar bith orra.
3) EasógTá sé ráidhte go raibh beirt fhear ag cur fhataí i ngarraidhe fadó agus chonaic siad easóg agus thosuigheadar ag caitheadh cloch léíthe. Bhí fearg uirthe agus nuair a tháinig bean a' tíghe le na ndinnéar (?) chuca bhí canna bainne aice agus chuaidh an easóg ag caitheadh smugairlí sios ann. Chonnaic an bhean í dá dhéanamh seo agus dubhairt na fir gubh' iad fhéin a bhí ag caitheadh cloch léithe. Bhí an bhean ag casaoid orra agus chuaidh an easóg chuig an gcanna annsin agus thosuigh sí ag damhsa le ríméad mar gheall go taibh an bhean ag tógál a páirt agus leag sí a dhá chois ar an gcanna agus dhóírt sí é ar fhaitchíos go n-ólfadh na daoine é mar caillfidhe iad. Bhí mada in aoinfeacht leis na daoine agus d'ól sé an bainne nuair a dórtadh é agus cailleadh ar an bpoinnte é.
4) An GirrfiadhBíonn a nead ag an ngirrfiadh tíos faoí an talamh nó i n-aiteann agus tá sé inann ritheacht go han sgiobtha. Tá sé ana (?)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laighidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 96
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gólam, Co. na Gaillimhe