Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 234](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0071%2FCBES_0071_234.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 234
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 234
- XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
- XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)raibh i bhfad suibhalta aca nuair a casadh sgata fear ortha agus iad ag cur síl. Chuaidh sí síos chuca agus chuir sé "Bail ó Dia" ortha agus dubhairt sí dá dtagadh na saighdiúirí thart agus da bh'fhiafruighdís dóibh an bhfacadar bean agus leanbh ag dul thart gan a rádh leó acht go ndeachaidh bean agus leanbh thart nuair a bhíodar ag cur an arbhair. Nuair a chuaidh na saighdiúirí chuig an ngort d'fhiafruigheadar do na fir an bhfacadar bean agus leanbh ag dul thart. Dubhairt na fir go dtáinig bean agus leanbh thart nuair a bhíodar ag cur an arbhair. Acht bhí deargadh daol ann agus dubhairt sé gur indé a cuireadh an tarbhar agus sin é an fáth go bhfuil an ghráin ag na daoine ar an deargadh daol ó shoin.
- 13.
Bhí máthair Íosa ag siubhal lá agus í ag imtheacht ó na saighdiúirí. Ní raibh i bhfad siubhalta aice nuair a chonnaic sí criathrach a raibh giolcaigh fada ag fás ann. Chuaidh sí isteach i bhfolach ann. Ní raibh sí bhfadh istigh ann nuair a tháinig na saighdiúirí thart. Thosuigh na giolcaigh ag craitheadh ionnus go gceapthá gur ag innseacht do na saighdiúirí go raibh duine eicínt 'na measg seadh(leanann ar an chéad leathanach eile)