Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag tabhairt leó an bhealaigh bhuidhe. Bhriseadar an long agus thugadar leó an t-ádhmad ar fad. Báthadh long eile san áit chéadna agus bhí sin lochtuighthe le ádhmad. Bhí cúigear daoine innte agus báthadh iad ar fad. Nuair a bhí sí ag teacht aniar ag Ceann Golaim buaileadh in aghaidh carraige í agus briseadh í. Chuireadh isteach ar an gcladach í agus chonnaic muinntir na háite an cúigear daoine dá mbáthadh agus bhí siad ag dul amach dá sábhailt acht tháinig sé in a stoirm mhóir agus b'éigin dóibh filleadh ar ais arís. Bhíodh daoine ag teacht aniar as Cárna agus báid aca ag tabhairt an-ádhmuid leó agus bhíodh daoine in a gcómhnuidhe ins na tíghthe ag tabhairt aire don ádhmad agus don luing agus bhíodh gunnaí aca agus bhídís ag caitheadh leis na daoine a bhíodh ag tabhairt an ádhmuid leó.
Bhí long eile ag teacht as Meriocá agus nuair a bhí sí i bhfad siar san bhfairrge buaileadh inaghaidh carraige í ag [!] briseadh í. Bhí sí lochtuighthe le iarann agus bhí sé an-éasgaidh í a bháthadh. Báthadh chuile dhuine de na daoine a bhí innti agus tugtar carraig an iarainn ar an áit a báthadh í ó shoin. San mbliadhain naoí gcéad déag agus an ceathar déag bhí muinntir na tíre seo go han dona leis an bhfiabhras. Bhíodh an t-Ospidéal aca san sgoil agus i sean-teach eile atá thiar ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Maol-Dia
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe