Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 260
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rachadh sé isteach ag breathnúghadh air, mar ba mhaith leis é a fheiceál. Dubhairt an sean-fhear leis go mbéadh a athair ag iarraidh lámh a chraitheadh leis mar gheall gur Éireannach é, agus dubhairt sé leis go raibh cnámh bulláin ar chúl an dorais agus í a thabhairt dó in áit do láimhe mar tá greim chómh cruaidh sin aige is go mbrisfeadh sé do lámh. Nuair a tháinig sé isteach chuir an sean-fhear fáilte roimhe agus dubhairt sé leis lámh a chraitheadh leis. Shín an máirnéala[ch] an chnámh chuige agus bhí greim chómh cruaidh sin aige gur bhris sé an cnámh. Dubhairt an sean-fhea[r] leis a dhul chuig cloich mhóir a bhí san ngarraidhe aige fhéin san mbaile agus go raibh bosca fuith[e] le seacht mbliana agus é a thabhairt chuige fhéin. Nuair a chuaidh an máirnéalach abhaile chuaidh sé chuig an gcloich agus fuair sé an bosca san áit ar dhubhairt an sean-fhear leis. Chuaidh sé chuig an sean-fhear agus an-bosca aige agus bhí sé an-bhuidheach dhó. Dubhairt sé leis an bosca a fhosgailt agus nuair a d'fhosgail sé é bhí luch istigh ann agus í beó. Fuair an sean-fhear sgian agus mharbhuigh sé í agus bain sé an croiceann dhi agus dubhairt sé leis an máirnéalach cuid dé'n fheóil a ithe agus go mbéadh fhios aige cuile shórt Chuir siad síos ag bruth [!] í agus nuair a bhí sí bruighte dith an máirnéalach cuid dhi. D'fhiafruigh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighréad Nic Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghid Bean Mhic Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe