Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 302

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 302

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 302
  3. XML “Cúram na gCos”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dul chuig an sgoil fadó agus ní bhfuighidís aon bhróga nó go mbíodh siad cúig déag de bliadhanta d'aois. Bíonn bróga ar chuid de na gasúr anois nuair a bhíodh siad tuairim is bliadhain d'aois acht tá gasúr eile ann agus ní bhíonn aon bhróga orra nó go mbíonn siad tuairim is seacht déag de bhliadhanta d'aois. Bhíodh na mná ag obair go cruaidh fadó agus is miotáin is mó a bhíodh orra agus anois bíonn asail aca le haghaidh na hoibre a dhéanamh. Chuile lá san tsean-aimsir bhíodh ar na daoine a bheith amuigh ó'n sé a chlog ar maidin ag tarraingt fheamuinne agus ag tarraingt mhóna agus gan bróg na stoca orra ná mórán dé'n éadach fhéin agus bhfheidir sneachta agus báisteach ann agus iad strompuighthe leis an bhfuacht. Bhíodh cosa na ndaoine sgoutighthe ó na chéile fadó nuair nach mbíodh aon bhróga orra agus bhíodh siad an-tinn freisin. Tá daoine bochta san tír seo faoi láthair agus níor chaith siad aon bhróga ariamh agus tá siad 60 blian d'aois. Deireann na sean-daoine nach ceart uisge na geos a chaitheadh amach acht tá sé ceart é a chaitheadh amach acht na focla seo a rádh,
    Chugaibh, chugaibh an t-uisge salach.
    Má tá sibh annsin
    Imthighidh as an mbealach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
        1. bróga (~1,841)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Nic Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bairbre Bean Mic Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    41
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe