School: Corr na Móna
- Location:
- Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
- Teacher: P. Ó Maille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr na Móna
- XML Page 202
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fuinnoigín ghloinne agus doraisín cré air. Do shúil
Sean duine dubh is a teach ar a ghualainn aige. Seilmide.
Tháinic sé isteach ar dhruim daoine is chuaidh sé amach cho mín lé síoda. Deatach.
Céard é an droichead is lúga sa doman. Droichead de shrónach.
Céard atá ag a gcat nach bhfhuil ag rud ar bith eile. Pisín
Ní fuil is ní feóil is ní cnámh é acht as fuil agus feoil a dfhás sé. Cleite.
Bhreathnuigh mé amach thrid i bhfhuinneóig is chonnaic mé an marbh ag iompar na mbeo Bád.
Mharbhuigh sé a athair chuir sé a máthair agus phós sé a dhearbhráthair. Sagart
Deirigh mé ar maidain lá ceo chuala mé géim ní géim coiligh é agus ní géim bó. Leac oidhre ag sgoilteadh
Mo shean Dada bocht is a maide fán ucht is é ag silt(continues on next page)