Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 358](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0075%2FCBES_0075_358.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 358
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus nuair bhéas mise marbh imtheochaidh an fear agus tiocfaidh tusa amach annsin agus cuir do lámh clé isteac in mo chluais dheis agus tarraing amach buideilín. Bain an corc as. Cuimil ar mo cheann é agus eireochaidh mé beo arís”. Rinne sé amhlaidh. Marbadh an capall ach ní fritheadh an fear óg. D'imthigh an Rí amach as an stábla agus fearg mhór air.
Fuair an buachaill an leigheas i gcluais an Chapaill Bháin. Chuimil sé ar an gceann é agus d'éirigh an capall beo arís.
Chuaidh an buachaill amach agus thaisbeán sé é fein don Rí. Is tú an fear is cliste sa domhan indiu ars an Rí leis. Cheapas nach raibh aon duine ar bith chomh cliste liom féin ach tá an ceann is fearr agatsa anois, agus is leat “Éan an Cheóil Binn” “Tabhair dom anois í agus beidh mé ag imteacht” ars an buachaill. Thug an Rí a inghean iláthair. “Is i seo Éan an Ceoil Bhinn” ar seisean “Tóg abhaile leat í anois agus mo bheannacht”
Chuaidh an buachaill amach ins an stábla(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Iníon feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe