Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)

Suíomh:
An Fhairche, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 361

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 361

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Fáirche
  2. XML Leathanach 361
  3. XML “An Gamhain Glas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Lá amháin chuaidh sé amach agus chuir a leas-mháthair beirt fhear amach leis go bhfeicfeadh sí cé an áit a bhí an gasúr ag faghail beatha. Cuireadh dallóg ortha agus ní fhaca siad tada. An lá indiaidh sin chuir sí fear eile amach leis. Bhí trí súil ag an bhfear so. Cuireadh an dallóg ar an dá shúil thosac acht níor tugadh fá deara an tsúil eile. Tháinig mháthair an ghasúir. Bhain sí an adharc den ghamhain glas. Thóg sí amach an t-éadach chláir. Sgar sí ar an talamh é. Bí neart le n-ithe air.
    Nuair chuaidh fear na trí súl abhaile d'innis sé don leas-mháthair cé an chaoi bhí an gasúr ag fáil bheatha. An treas oidhche bhí triúr búistéirí ag an ngeata agus shíl siad breith ar an ngamhain glas act bhris sé friotha. An oidhche eile indiaidh sin bhí seisear búistéirí ag fanacht leis an ngamhain glas a marbhadh. Níor eirigh leobtha
    An chéad lá eile dá ndeacaidh an gasúr amach dubhairt a mháthair fhéin leis a neart a ithe go raibh an gamhain glas le bheith curtha cun bháis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Áine Ní Mhaolruaidh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    24
    Gairm bheatha
    Domestic worker (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ceapach na gCapall, Co. na Gaillimhe