Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An Fear ab fhearr sa Domhan.Bhí táilliúir ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Séamas Ó Laoidhe Lá amháin bhí sé ag ithe a dhinneir tháinig mioltóg agus luigh sé ar an mbord. Rug Séamas ar snathaid agus chaith sé leis an míoltóig í agus chuir sé isteach i súil na míoltóige í. Annsin fuair sé paipéar agus sgríobh sé air gurbh é féin an fear ab fhearr sa domhan.
Annsin chuaidh Séamas amach agus shiubhail sé leis gur casadh fear air Nuair chonnaic an fear an paipéar thug sé cuireadh do Shéamas a dhul abhaile leis agus go dtiubhradh sé obair le déanamh dó. Shiubaladar leo annsin agus d'innis an fear do Shéamas cé'n sórt oibre a bhí aige dó. Dubhairt sé go raibh fir aige ag déanamh tighe móir agus an méad a dhéanfadh siad sa ló bheadh sé leagtha san oidhche agus d'iarr sé ar Shéamas athrú a dhéanamh.
Nuair tháinig an oidhche chuaidh Séamas go dtí an teach agus chuaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ó Fhloinn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe