Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)caoineadh agus shílfeá go leagfadh sí na spéartha leis an gcaoineadh caol ruad a rinne sí. Ach faoi dheire chuimhnigh sí ar an luibh agus fuair sí í agus chuir sí isteach imbéal an luin duibh í agus d'eirigh sé suas beo arís agus a chrot fein air. Chuadhar abhaile agus chaitheadar tamall fada indiaidh sin faoi shonas agus faoi shéan.
Ach nuair bhí sgathamh mar sin caithte aca tháinig gaiscidheach arís ag iarraid ar Chatach a dhul leis go dtí an Domhan Thoir igcoinne Fiaidh na mBeann Óir a bhí chomh luaimineach leis an nGaoith Márta. D'imthigh an Catach leis an ngaiscidheach agus na céadta fear eile agus bhí turas fada aca sul ghabhadar cuan agus caladh-phuirt san Domhan Thoir. Ní rabhadar ibhfad annsin nó go bhfuaireadar tuairisg na Fhiaidh Chomh luath agus chonnaiceadar é thosuigh gach fear ag rith inadiaidh ach amhain an Catach. Sheas sé annsin ag féachaint ar an tseilg. Bí spórt mór aige. Faoi deire bhí na fir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brigidh Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 24
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe