Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 502
- XML “Cuilín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ina comhnaidhe in áit ar a dtugtar Cuilín mar ainm air Thug Rí Sasana cuireadh do Rí Eireann agus a mhac dul go Sasana. Glac siad an cuireadh agus d'imthigh leo.
Bí an-shaoghal aca i Sasana. Thaisbeán Rí Sasana an t-arm bhí aige do Rí Eireann agus a mhac Dubhairt Rí Éireann nac dada an t-arm sin ar ghualainn an t-arm bhí aige féin sa gCuilín agus thug sé cuireadh do Rí Sasana agus a mhac teacht go h-Eirinn agus thangadar.
Bhí scata gabhar ag Rí Éireann ag Cuilín agus b'shin é an t-arm a bhí sé ag déanamh gaisce as Ní bhíodh le déanamh ag an Rí ach fead a leigint agus thagadh na gabhair chuige agus thosuighidís ag troid. Bhí an spóirt ag mac Rí Sasana ag féachaint ortha. Ní bfuair a athair aon rud ní ba dheacra ná a mhac a thabhairt abhaile leis go Sasana.