Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Caitheann na daoine ar fad bróga annseo sa nGeimhreadh. Ní chaitheann na daoine ar fad bróga annseo sa Samhradh.
Nuair a bhíos na daoine ag sgaradh móna nigheann siad a gcosa tráthnóna mar dhá bhfágfadh siad salach iad thiocfadh oighreacha orra. Sé an rud oighreacha ná bhéadh do chosa ro-thinn le nigheadh. Sé an rud is fearr a dhéanamh le do chosa nuair a bhéadh oighreacha orra ná iad a nigheadh le uisge te agus galaoireach agus uchtair bainne a chur orra.
Fadó ní chaitheadh na daoine aon bhróga ag dul in aon áit go mbéadh siad cúig bliadhain déag. Caitheann siad anois iad nuair a bhíos siad trí bhliadhain.
Bhíodh tairngí seaca ins gach bróig mar bhíodh sioc agus sneachta ar feadh trí mhí. Bhíodh tairngí i mbróga na mban freisin, agus crudh ar gach bróig ionnus nach gcaiteadh an leathar. Ceanglaidís na bróga le iallacha leathair.
Caitheadh siad dul ar sgoil agus gan aon bróga ná stocaí san Geimhreadh dhá racta in aice na teinead thiocfad breacna ar do cosa. Bíonn go leor braon freisin orra.
Nuair a d'fheicfeadh na daoine thart san áit seo bróga nuadha ort deirfeadh siad cineál(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peadar Ó Catháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Peaits Ó Fathaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Dúlaigh, Co. na Gaillimhe