School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh

Location:
Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Míchéal Ó Reachtabhra
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 186

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 186

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
  2. XML Page 186
  3. XML “Lucht Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tagann go leor tincéirí thart chuig na tighthe ag iarraidh déirce.
    Bíonn ciseáin ag cuid aca agus bíonn buicéaid ag cuid eile aca. Bíonn siad ag díol cupán agus fó-cupán agus fáinní agus chuile shórt ornáideach[.] Ceannuigheann siad iad ag an margadh agus díolann siad iad cupla pighinn níos daoire, mar sin déanann go leor aca cuid mhaith airgid.
    Bíonn ciseáin mhóra leathna acu. Bíonn sé an-leathan ach ní bhíonn sé ró-árd. Déanann cuid aca na ciseáin as fidheóga agus ceannuigheann cuid eile aca iad. Siad na daoine céadhna a thagas i gcómhnuidhe beagnach.
    D’iarr an Mhaighdean Mhuire uair amháin ar thincéir biorán a dhéanamh dhi a choinneochadh a naipcín thart uirri fhéin agus a leanbh agus d’eitigh sé í, sin é an fáth a bhfuil na tinncéirí le fán agus seachrán ar fud an tsaoghail ariamh ó shoin.
    Déanann na tincéirí teach beag ar thaobh an bhóthair[,] bíonn siad ag dul thart ag bailiú fataí, móin agus féar le h-aghaidh an capall a bhíos aca.
    Bíonn daoine dubha ag dul thart ag díol éadaigh[,] ceannuigheann siad ins na siopaí iad agus díolann siad iad le muinntir na tuaithe.
    Bíonn daoine ag dul thart ag iarraidh lóisdín, caitheann siad oidhche annseo agus annsiúd.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Language
    Irish
    Collector
    Miceál Ó Ruadhaín
    Gender
    Male
    Informant
    Máirtín Ó Ruadháin
    Gender
    Male
    Address
    Coill Uachtair, Co. na Gaillimhe