Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh

Suíomh:
Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Míchéal Ó Reachtabhra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 215

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 215

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
  2. XML Leathanach 215
  3. XML “Tailliúirí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní'l mórán táilliúirí thart annseo chor ar bith. Ní'l acht aon táilliúr amháin agus sé an t-ainm atá air ná Seán Beaglach. Táilliúr, sin fear a dhéanas báiníní agus agus cultacha éadaigh.
    Bíonn a lán daoine ag teacht chuige le culaithe a dhéanamh dhóibh. Annsin tógann an táilliúr miosúr an duine a mbíonn an chulaith le déanadh aige. Annsin nuair a bhíos an t-éadach gearrtha aige, caithfhe fear na culaithe a theacht chun an táill-iúra, leis an gculaith a choilleadh air.
    'Sé an ceard is fearr é sin, mar déan-fadh duine go leor airgead ar chulaithí. Ní bhíonn an t-éadach a déantar ins na siopaí chomh maith leis na cinn a dhéanas an táilliúr. 'Sé Seán Beag-lach an táilliúr is fearr. Bíonn go leor rudai ag an táilliúr. Bíonn miosúr agus mearacáin aige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Liam Ó Fíne
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    An Currach Mór, Co. na Gaillimhe