Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 091
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)7. Cím chúgham aníar trí capaill trí scrian trí poilliní oír trí pócadaín fíadh. (Sochraigh catha fiadhaigh)
8. Ceatharar ag rith agus ceatarar ag crith beirt chun eolais is beirt chun chómharaich is mach an giobalacháin ag rith na ndiaid (Bó ag rith)
9. Tobhairín fioruisce ar fhíor bharra an t-sléibhe, dhá fuinnóigín ghloinne ar is doraisín clé. (Agaidh duine)
10. Méisín cúmtha, caínthe a beal fuithe is a toín anaírdhe. (Báirneac ar cloch)
11. Cadh is cuime na a abhainn. (Snáthaín a scoílfá as stocha)
12. Fear sa chúinne is dhá chéadh súil air. (Córcán súip)
13. Cím chúgham ingean an Rí go tiúmh teann, fáine óir ar bhárr a báise is cúl a coise trí na ceann. (Tuat)
14. An rud a chathaimse uaim cuireann an duine uasal na phóca é. (Smughadh)
15. Cadh is cosamhail le leath na Gealaidhe. (An leat eile)
16. Ghadas síar an tráig lá fuaireas blúire d'iadmadh bán, deineas long is deineas badh is d'fan leath an iadmadh spártha (Píp)(leanann ar an chéad leathanach eile)