Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)léig i bhfairrge í. Seo leis annsan agus bheireadh sé ar an ngaoth a bhíodh romís agus ní bheireadh an ghaot a bíodh na dhiadh ar agus ba tapúala é naoí nuaire ná na fáinleóga.
Nuair a dúisig an Rí d'fiarraidh sé do'n triúr mach cadh dimig ar a chuidh fiachala agus do innis an triúr mach an scéal do ó thúis go deire. Do bhí an Rí ar buille chúcha toisch nár dhiúsuighdar é nuair a chonnachadar an bádh ag teacht. Do bhí ana aithreash ar an dtriúr mach agus dúbadhar ná déanfaidís stadh, staonadh nú go bfaghaidís amach chá raibh fiachala a nathar.
Dimiguigheadhar leo annsan agus níor stadadar nú go dtánadar go dtí faill mhor árdh. N'feadhar siadh cionnus a ragaidís síos an faill ach tar éis tamaill do cuimnídar ar plan. Do deineadar tíadán don bfóar[?] a bhí ag fás ar an bfaill.
Dúbhairt an mach óg go raghadh sé féin síos an faill ar dtúis agus do ceangaileadh an tíadán do agus do scaoileadh síos é ach ní raibh sé ach leat na faille síos an uair a scríach sé é do tarrach anáirdhe agus tairigeach anáirde é. Annsan dúbhairt an dara mach go ragadh sé féin síos an faill agus do scaoileadh síos é ach is síadh síos a chuaidh an chéadh duine na é sin. Annsan dúbhairt an tríomhadh mach go ragadh sé féin síos agus do scaoileadh síos é agus níor stad sé nú go gchuaidh sé go dtí an dtalamh. Annsan bhí sé istig i gcoill mhor(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seámus Ruiseál
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí