Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag mo mháthair sa chómhra aige baile. "An mair sin é arsa an Peidléir". "Tianamh ort mar sin go spáinfir an tig dom." Seo leo.
"An sparán a fuaireas indé arsa an buachaill is leis an nduine boct seo é." Tá go maith ars an máthair taispáinfadhmís do é". "Tianam ort suas an tseomra ar sise leis an bPedléir go ragair síos an chómhra ag trial air mar is tú is treise chuige." Nuair a fuair sí ag dul síos é chait sí síos ar a cheann é agus buail sé an glas air. Cailleadh an Pedléir bocht istig sa chómhra agus lar na bháireach deineadh poll amuich sa garraidhe do agus cuireadh ann é. Bhí fhios ag an máthair go mbeadh duine éigin ar lorg an Peidléara agus dhein sí poll eile amuich do agus chait sí croicheann gabhair síos ann.
Lá eile bhuail Pedléir eile leis an mbuacaill ar an mbóthar agus dfiaruig do "an bfeacaidh sé aon peidléir eile ag imteacht tímhcheall". "Cad é an sórt duine é Peidléir? arsa an buachaill. Ó fear a bhíónn ag bailiú ceirteacha & nidhthe arsa an fear eile. Tá aithne agamh ar sin arsa an buachaill, nách é sin a chaith mo máthair síos an chómhra indé nuair a bhí sé ag dul ag tríal ar an sparán a fuaireasa annso indé. Tá go maith arsa n fear eile "tianamh ort go dteaspáinfir dom cá bfuil sé. Tá sé curtha amuich sa garraidhe arsa an buachaill.
Dimigeadhar fé dhéin an garraidhe agus chuaidh an buachaill ag cuardach an fhir a bhí curtha ann agus sé an chéadh rudh a thairig sé anios chuige an adharch. "An raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ruiséal
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Ruiséal
- Inscne
- Fireann