Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 158](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0421%2FCBES_0421_158.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 158
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuain iad agus cheanghail dá muinéal cloch & téadán agus chaith a bpoll i bhfarraighe iad. Annsan theastuig ó Fionn cad é an tír ba as iad, agus cad a thug iad. Do chogainn sé a árdóig ón gcraiceann go dtí an bhfeóil agus ón bhfeóil go dtí an gcnámh agus ón gcnámh go dtí an smior & ón smior go dtí an smúsach. Do fuair sé fios ón árdóig gur ó thír na bhFear nGorm iad & go dtánaghadar chun na Fianna do chur fé chois, & iad a mharbhúghadh. Do fuair sé amach ná maróbhchadh faic iad acht cheithre chaipíní ghorma a bhí aige na nathair nuair a chídhfhidís iad gur dtuitidis fuar marbh.
Annsan thug sé aghaid ar thír na bhfear ngorm lé na bháidín agus a sheólta anáirde aige agus níor dhein stad ná staonadh gur bhain amach tír na bhfear ngorm. Do tháinig sé i dtír agus "chuir ceanghal lae agus bliana ar a bháidín". Annsan nfheadair sé cad a dhéanfhadh sé, agus fuair sé slaitín draoidheachta agus dhein páiste beag de féin. Do thosnuig sé ag gol agus ag béicig no go gcualfhaid Rí a bhí in aice na háite é agus chuaid sé ag triall air agus thug abhaile é. Do dhein an Rí a mhac féin do agus thugad sé biadh, deoch, & éadach do.
Aon lá amháin dfiarruig Fionn de'n Rí an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tómas O Morchadha
- Inscne
- Fireann