Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus leibh sé an spota fola. Nuair tháinig an fear tráthnóna dúbhairt sé léi "dheinise an rud a dúbhart leath" nuair ná feachaid sé an spota fola uirthe agus is é an caitín dubh a sháobáil í i dtaobh gur thug sí an blúire do.
Annsan fuair sé slaitín draoidheachta agus chuaid sé isteach sa tseomra in a raibh na daoine marbh agus do bhuail sé le na slaitín an bheirt inghean eile agus bhíodar chóm slán foláin is a bhíodar riamh roimhe sin. Annsan phós sé an inghean dobh óighe aco agus do chuir sé fios aire a nathair agus thug sé trí chrócha óir dóibh.
Dúbhairt sé leis an athair agus leis an bheirt inghean dul abhaile agus d'fhan sé féin agus an inghean dobh óighe sa Charraig Dhubh agus tá scoilt san Charraig Dubh san áit in a raibh an pálás ag an bhfear uasal sé sin an tarbh a bhíod ag goid an ghabáiste ón bhfeirmeóir.
Do mhair an feirmeóir go lán tsásta as san amach mar bhí a ndóthain airgid acho a fuaireadar ón bhfear uasal go raibh a inghean óg pósta aige.- Bailitheoir
- Dómhnall Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Óg Ó Maoileóin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Gairmeacha beatha
- Cléireach
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Clochán Dubh, Co. Chiarraí